Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú i gCláir Foghlama Leibhéal 1

Tá an measúnú ina chuid lárnach in aon chlár foghlama mar go gcuireann sé foghlaim chun cinn agus tacaíonn sé le teagasc. Tar éis a bhunú cá bhfuil an scoláire ag tosú, tacaítear leis dul i dtaithí ar an bhfoghlaim nua sna ATFanna. Ansin, trí aiseolas rialta a fháil ar a dhul chun cinn foghlama, tá a fhios ag an scoláire cén uair a éiríonn leis san fhoghlaim agus nuair a theastaíonn tuilleadh cúnaimh uaidh chun dul chun cinn a dhéanamh. Féachtar ar bhearnaí san fhoghlaim mar dheiseanna chun eolas maith a thabhairt ar leibhéil reatha tuisceana nó míthuisceana an scoláire. Caithfidh an measúnú a bheith barántúil, fíor agus diongbháilte. Ba cheart go gcuirfeadh an múinteoir ar chumas an scoláire a fhoghlaim a léiriú ar réimse bealaí atá oiriúnach dá láidreachtaí foghlama agus cumarsáide. Tá an measúnú a chothaíonn na hAonaid Tosaíochta Foghlama CFL1 rangbhunaithe. In imeacht na dtrí bliana sa tsraith shóisearach, baileoidh an foghlaimeoir fianaise dá chuid foghlama i bpunann. Tugann an scoláire an phunann seo don mhúinteoir agus meastar agus déantar tuairisciú ar obair an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.